Todhchaí geal i ndán don Ghaeilge le creidiúnú bainte amach ag ceathrar ateangairí nua i scrúdú ag leibhéal an AE

D’fháiltigh an Feisire Eorpach d’Éirinn Theas, Cynthia Ní Mhurchú, roimh an nuacht gur éirigh le ceathrar ateangairí Gaeilge nua i dtriail creidiúnaithe idirinstitiúideach, rud a deir sí nach bhféadfadh a bheith níos tráthúla agus Éire i bhfeighil ar Uachtaránacht rothlach Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

Ó thosaigh sí amach lena feachtas toghchánaíochta, tá Ní Mhurchú ina ceannródaí ó thaobh tacú le comhionannas don Ghaeilge ar leibhéal an Aontais.

Is oth leis an bhFeisire Eorpach nach féidir léi an Ghaeilge a labhairt ach amháin agus óráidí á ndéanamh aici in Strasbourg, in ainneoin gur tugadh stádas teanga oibre oifigiúil de chuid an Aontais don teanga in 2022. Tá bearnaí móra fós sna seirbhísí atá ar fáil d’Fheisirí ar mian leo an teanga a úsáid ina gcuid oibre, agus tá Ní Mhurchú tiomanta don bhearna seo a líonadh.

Tugann an ceathrar ateangairí nuachreidiúnaithe, a bhfuil máistreacht acu ar fad ó Ollscoil na Gaillimhe san ateangaireacht chomhdhála, an líon iomlán ateangairí atá ar fáil d’Fheisirí chuig aon duine déag.

Tagann an t-athrú sin a bhuí le clár oiliúna atá á reáchtáil ag seirbhís ateangaireachta na Parlaiminte, DG LINC, atá dírithe go sonrach ar líon na n-ateangairí cáilithe don Ghaeilge a mhéadú

Ar bhonn praiticiúil, d’fhéadfadh go gciallódh sé sin go mbeadh níos mó deiseanna ag Feisirí na Parlaiminte Gaeilge a labhairt lasmuigh de na seisiúin iomlánacha, níos mó infheictheachta don teanga agus dul chun cinn suntasach i dtreo deireadh a chur leis an maolú atá i bhfeidhm faoi láthair.

Ach cad é an maolú seo, agus cén fáth go bhfuil sé ina fhadhb don Ghaeilge?

Ar an drochuair, ciallaíonn vóta a ritheadh sa téarma parlaiminteach seo caite go bhfuil stádas tánaisteach ag an nGaeilge anois mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais go dtí 2029.

Ciallaíonn sé seo go bhfuil seirbhísí teoranta sa teanga, agus nach féidir le Feisirí Eorpacha leas a bhaint as na seirbhísí siúd ar bhonn rialta. Ó toghadh í chuig Parlaimint na hEorpa in 2024, tá Ní Mhurchú tar éis iarraidh arís agus arís eile go gcuirfí deireadh leis an gclaonadh sin i leith na teanga, agus tá béim leagtha ar an Uachtaránacht aici mar thráth chun athrú suntasach a chur i bhfeidhm.

Is sampla é tuilleadh ateangairí den chineál athraithe inbhraite atá á lorg ag an bhFeisire Ní Mhurchú, ach athdhearbhaíonn sí nach mór níos mó ná sin a dhéanamh chun freastal ar an gceist iomlán maidir leis an nGaeilge.

Creideann Ní Mhurchú go láidir go gcaithfidh níos mó Feisirí Eorpacha Éireannacha an teanga a labhairt ar bhonn rialta chun gur féidir deireadh a chur leis an maolú seo go deo.

Tá sé mínithe aici má theipeann ar Fheisirí a léiriú do sheirbhísí aistriúcháin agus ateangaireachta na Parlaiminte go bhfuil an Ghaeilge in úsáid acu, go gcaithfear léi mar theanga dara grád i gcónaí. Chuir sí na tuairimí sin in iúl in agallamh le clár nuachta 7 LÁ TG4 níos luaithe an mhí seo, áit a raibh a comhfheisirí Seán Kelly agus Aodhán Ó Ríordáin in éineacht léi, beirt a úsáideann an teanga ina gcuid oibre.

Ní féidir críoch a chur leis an obair chun deireadh a chur leis an maolú anseo, a deir Ní Mhurchú, agus í ag éileamh níos mó ateangairí le Gaeilge a earcú ar chonarthaí buana.

Cé nach maireann Uachtaránacht na hÉireann ar an gComhairle ach go dtí mí na Nollag, éilíonn an Feisire d’Éirinn Theas go mairfeadh seirbhísí ateangaireachta feabhsaithe go deo

Share:

Latest News

Share:

About Cynthia welcome to the website (1)
Stay in touch with our campaign by signing up to our newsletter below. Thank you for your support.
JOIN THE TEAM