Tionscnamh Oideachas na Gaeilge gan Fís gan Uaillmhian – Ní Mhurchú

Cháin FPE na hÉireann Theas Cynthia Ní Mhurchú tionscnamh nua de chuid na Roinne Oideachais atá dírithe ar theagasc, foghlaim agus úsáid na Gaeilge i scoileanna a neartú, ag cur síos air mar “deis chaillte” chun dul i ngleic leis an ngéarchéim leanúnach in oideachas na Gaeilge. 

Dúirt FPE Fhianna Fáil, cé go bhfáiltíonn sí roimh aon iarracht nó infheistíocht chun an Ghaeilge a chur chun cinn, go bhfuil an beartas a d’fhógair an tAire Oideachais Helen McEntee inniu “gan an uaillmhian atá riachtanach chun fíorathrú a bhaint amach.”

Deir Ní Mhurchú, maidir le múineadh na Gaeilge inár scoileanna, gur chóir dúinn díriú níos mó ar líofacht agus spéis sa Ghaeilge agus i gcultúr na Gaeilge a fhorbairt – idir cheol is drámaíocht. 

Chuir FPE na hÉireann Theas síos air mar dheis chaillte chun aghaidh a thabhairt i ndáiríre ar an ngéarchéim in oideachas na Gaeilge inár scoileanna. 

Leag Ní Mhurchú béim ar an méadú atá ag teacht ar líon na ndaltaí a roghnaíonn gan an Ghaeilge a thógaint don Ardteistiméireacht mar fhianaise “nach bhfuil an córas reatha ag feidhmiú.” Dúirt sí go bhfuil an teanga anois “ag crosbhóthar” agus thug sí an rabhadh “go bhfuil an baol ann go gcaillfimid ár dteanga dhúchais mura ndéanfar ollchóiriú iomlán ar an gcaoi a mhúintear an Ghaeilge.”

Thacaigh an Feisire Eorpach le héilimh Chonradh na Gaeilge ar chóras solúbtha nua, bunaithe ar Chomhchreat Tagartha na hEorpa, a bheadh in ann freastal ar dhaltaí le riachtanais bhreise, daltaí ag dul isteach sa chóras go déanach agus a chuirfeadh eispéireas sásúil foghlama Gaeilge ar fáil do gach dalta le linn an chomhairliúcháin ar an bPlean Gníomhaíochta. Thacaigh sí freisin le héilimh go mbunófaí coiste saineolaithe láithreach chun an córas nua seo a fhorbairt. 

D’fháiltigh Ní Mhurchú roimh cheapachán an chéad Choimisinéir Teanga riamh i dTuaisceart Éireann Pól Deeds ach thug sí rabhadh, má táimid dáiríre faoin nGaeilge a choinneáil beo mar theanga rathúil agus bheo, go gcaithfimid i bhfad níos mó uaillmhéine a léiriú.

CRÍOCH: 

Share:

Latest News

Share:

About Cynthia welcome to the website (1)
Stay in touch with our campaign by signing up to our newsletter below. Thank you for your support.
JOIN THE TEAM