Tá an Ghaeltacht chun bás a fháil muna mbronnaimid níos mó ceadanna pleanála – Ní Mhurchú
Deir Cynthia Ní Mhurchú, Feisire Eorpach d’Éirinn Theas, go bhfuil cainteoirí dúchais Gaeilge á mbrú amach as ceantair Ghaeltachta toisc go bhfuil na húdaráis áitiúla ag diúltú cead pleanála a thabhairt dóibh chun tithe a thógaint ar thailte a ndaoine muinteartha.
Is ionann an córas pleanála sriantach atá sa Ghaeltacht agus bagairt dhíreach do thodhchaí na Gaeilge, dar le Ní Mhurchú.
Tá seacht gcontae in Éirinn ina bhfuil limistéir Ghaeltachta, agus tá laghdú ag teacht gach aon bhliain ar úsáid laethúil na Gaeilge i bhformhór na limistéar sin. Tá Ní Mhurchú ag rá go bhfuil cainteoirí dúchais óga a bhfuil talamh acu á bhfágáil san fhaopach toisc cead pleanála a bheith diúltaithe dóibh.
Tá Ní Mhurchú, i gcomhpháirt le Conradh na Gaeilge, ag tacú le hAchainí oifigiúil a chuirfear faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa faoin ngéarchéim tithíochta agus faoin tslí atá an ghéarchéim ag goilleadh ar cheantair Ghaeltachta. Mar chuid den achainí seo, tiocfaidh daoine ón nGaeltacht go dtí Parlaimint na hEorpa chun a gcás a chur faoi bhráid Feisirí Eorpacha agus oifigigh ón gCoimisiún Eorpach i mí na Bealtaine, an polasaí pleanála sriantach atá i bhfeidhm sa Ghaeltacht san áireamh.
Tá Ní Mhurchú ag éileamh go bhfoilseofar na Treoirlínte Pleanála Gaeltachta, a bhfuiltear ag súil leo anois le fada. Tá súil aici go gceadóidh na treoirlínte seo d’údaráis áitiúla a bheith níos solúbtha maidir le cead pleanála a bhronnadh sa Ghaeltacht – do chainteoirí líofa Gaeilge ach go háirithe. Teastaíonn uaithi go gceadóidh na treoirlínte seo d’údaráis áitiúla cur chuige níos leithne a chur i bhfeidhm ina mbeidh cainteoirí líofa Gaeilge sa chatagóir céanna leo siúd a bhfuil “riachtanais áitiúla” acu agus gach cinneadh pleanála a bhaineann leis an nGaeltacht á mheas.
Iarrann Ní Mhurchú ar a comhghleacaithe sa Rialtas pleananna forbartha speisialta don Ghaeltacht, le spriocanna sonraithe, a fhoilsiú láithreach bonn, de réir mar a gealladh i gClár an Rialtais.
CRÍOCH:



