Pléifidh painéal saineolaithe an caidreamh idir na Gaeil agus an Eoraip ar an 6ú Márta
Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2025, cuireann Cynthia Ní Mhurchú, Feisire Eorpach d’Éirinn Theas, fáilte romhat teacht go Fóram Feasa na hEorpa.
Beidh an imeacht ar siúl ag tosnú ag 18:00 tráthnóna Déardaoin, an 6ú Márta sanEispéaras Europa (Uimh. 11, Sráid Chatham) i lár na hardchathrach.
Beidh an deis ag 17:30 áfach páirt a ghlacadh i dturas treoraithe timpeall an Eispéarais Europa dóibh siúd gur mian leo é a dhéanamh. Eispéaras idirghníomhach agus dátheangach is ea é ina mbíonn tú ag foghlaim faoi Pharlaimint na hEorpa.
Alan Titley, Ciarán Dunbar, Caitríona Ó Dochartaigh, Paula Melvin agus Páidí Ó Lionáird a bheidh ag glacadh páirte sa phainéal cainte. Beidh an painéal saineolaithe ag dul i ngleic le ceisteanna móra amhail an tEorpachas i bhféiniúlacht na hÉireann, Éire Aontaithe agus an Eoraip agus dearcadh na hÉireann agus na Gaeltachta ar an Aontas Eorpach.
Roimhe sin áfach, tabharfaidh Cormac Ó Dúlacháin, abhcóide sinsir, léacht ghairid faoi aidhmeanna agus feidhmeanna an Aontais Eorpaigh.
Tá an imeacht seo á eagrú i gcomhair le hOifig Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa in Éirinn.
Beidh sóláistí ar fáil.
Na Cainteoirí:
· Scríbhneoir, colúnaí agus Ollamh Emeritus de chuid UCC é Alan Titley.
· Iriseoir le The Belfast Telegraph é Ciarán Dunbar.
· Taighdeoir agus léachtóir í an Dr. Caitríona Ó Dochartaigh i Roinn na Sean- agus na Meán-Ghaeilge i UCC
· Is í Paula Melvin an tUachtarán ar Chonradh na Gaeilge ó 2022.
· Is é Páidí Ó Lionáird an bainisteoir cumarsáide in Oifig an Choimisinéara Teanga i Spidéal.
· Abhcóide sinsir é Cormac Ó Dúlacháin agus tá sé ina Chathaoirleach ar Chumann Barra na Gaeilge.
CRÍOCH



