Agus Éire ag tabhairt faoi Uachtaránacht rothlach Chomhairle an Aontais Eorpaigh, tá teachtaireacht chumhachtach agus práinneach eisithe ag Feisire Eorpach Fhianna Fáil d’Éirinn Theas, Cynthia Ní Mhurchú, don Aire Oideachais, Hildegarde Naughten TD.
Tá an Feisire Eorpach Ní Mhurchú ag éileamh beart láithreach atá ceangailteach ó thaobh dlí chun aghaidh a thabhairt ar na blianta fada d’fhaillí chórasach ag an Roinn Oideachais, ag tabhairt rabhaidh go bhfuil damáiste mór idirnáisiúnta do chlú na hÉireann ar an ardán Eorpach má leanann sí amach ón gcomhrá maidir le cosaint teanga mionlaigh.
Tar éis cruinniú bricfeasta oibre in Strasbourg Dé Máirt, 16 Meitheamh 2026, leis an Aire Naughton, chuir Ní Mhurchú go foirmiúil le na hábhair imní maidir le stádas na Gaeilge. Tharraing sí aird ar ghéarchéim mhór earcaíochta do chainteoirí líofa Gaeilge sa bhaile agus laistigh d’institiúidí an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil.
Droch-cháil ag teacht ar Éirinn ag leibhéal Eorapch
Agus súile na hEorpa ar Éirinn le linn a hUachtaránachta ar an Aontais Eorpaigh, tá ceist chriticiúil curtha ag Ní Mhurchú maidir le creidiúnacht an náisiúin:
“Ós rud é go bhfuil an Ghaeilge rangaithe ag UNESCO mar theanga atá ‘i mbaol go cinnte’, rud a fhágann gurb í an t-aon teanga oifigiúil de chuid an Aontais í atá i mbaol a díothaithe, conas is féidir linn Aontas a stiúradh a chuireann an éagsúlacht teanga fad is atá ag teip orainn ár dteanga náisiúnta féin a chaomhnú sa bhaile?
Tá teip chórasach na Roinne Oideachais reachtaíocht a rith don Ghaeloideachas ag bagairt damáiste ollmhór a dhéanamh ar cháil na hÉireann le linn na hUachtaránachta mór le rá seo. Tá neamhaird á déanamh againn go gníomhach ar ár ndualgaisí, agus tá sé in am don Aire Naughton idirghabháil a dhéanamh.”
Chun tacú lena héilimh ar ghníomh reachtach láithreach, chuir Ní Mhurchú torthaí tuarascála cinniúnaí ón eacnamaí iomráiteach Jim Power i láthair an Aire Naughton, dar teideal “An Economic Analysis of Impact of Legislating for Increased Irish-Medium Education Provision,” a cuireadh faoi bhráid Teachtaí Dála agus Seanadóirí i dTeach Laighean le déanaí.
Leagtar amach sa tuarascáil codarsnacht láidir idir reitric oifigiúil agus cur chun feidhme ar an talamh.
Tá Éire fós ar cheann de dhornán beag tíortha Eorpacha ar theip orthu creat reachtach bunscoile a bhunú chun an tumoideachas a ráthú. Tharraing Ní Mhurchú aird ar éachtaí iontacha na Breataine Bige agus Thír na mBascach mar chruthúnas ar an méid is féidir le toil pholaitiúil a bhaint amach.
Níor choinnigh Ní Mhurchú guaim uirthi féin agus cáineadh á déanamh aici ar an gcultúr inmheánach laistigh den Roinn Oideachais, ag cur i leith go raibh oifigigh ag baint úsáid as n easpa reachtaíochta follasaí stairiúil mar cheadúnas chun neamhaird a dhéanamh den Ghaeilge.



