Bhuail Cynthia Ní Mhurchú le hoifigigh ó sheirbhísí aistriúcháin Pharlaimint na hEorpa chun plé a dhéanamh ar an maolú atá ag cur srian le seirbhísí Gaeilge sa Pharlaimint. Tá cruinniú le bheith aici tráthnóna le hUachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula Von Der Leyen, ina ardóidh sí ceist na Gaeilge sna hinstitiúidí Eorpacha.
Bhuail Cynthia Ní Mhurchú le hoifigigh ón Aontas Eorpach an tseachtain seo caite i bParlaimint na hEorpa, d’fhonn deireadh a chur leis an maolú a dhein teanga den dara ghrád den Ghaeilge sa Pharlaimint. Buailfidh sí le hUachtarán an Choimisiúin, Ursula Von Der Leyen inniu agus déanfaidh sí ceist na teanga agus a stádas in institiúidí an AE a ardú go sonrach léi.
Thug Ní Mhurchú le fios do na hoifigigh go leanfadh sí uirthi ag troid chun deireadh a chur leis an maolú agus go mbeadh sí ag éileamh tacaíochta ó fheisirí Éireannacha eile agus í ag iarraidh comhstádas a bhaint amach don Ghaeilge sa Bhruiséil.
Dúirt Ní Mhurchú gur údar díomá a bhí ann nach ndearna Feisirí Eorpacha eile atá i bParlaimint na hEorpa le blianta dul chun cinn maidir leis an bhfadhb seo.
“Níl a fhios agam cén fáth go nglactar leis an imeallú atá á dhéanamh ar ár dteanga náisiúnta sna hinstitiúidí Eorpacha le fada an lá. Níl sé i gceist agamsa ligean don mhaolú seo leanúint ar aghaidh. Tá mé ag iarraidh go gcuirfí deireadh láithreach le riail a thugann neamhaird ar ár dteanga náisiúnta in institiúidí an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil. Ní mór dúinn a chinntiú freisin go gcuirfear deireadh le haon bhacainní atá ann ar ateangairí Gaeilge a fhostú. Is cainteoir Gaeilge mé agus nílimse sásta leis an gcaoi ina gcaitear leis an teanga sa bhaile agus sa Bhruiséil araon. Má táimid dáiríre faoi chaomhnú ár gcultúir, ár n-oidhreachta agus ár dteanga náisiúnta a labhair ár sinsir gach lá, ní mór dúinn dul i ngleic le himeallú struchtúrtha na Gaeilge sa Bhruiséil”
D’iarr Ní Mhurchú ar Fheisirí Éireannacha eile tacú lena feachtas chun deireadh a chur leis an maolú ar stádas na Gaeilge i bParlaimint na hEorpa.
Dar le Ní Mhurchú,
“Tá 1.9 milliún cainteoir Gaeilge ann. Tá forbairt na Gaeilge ag leibhéal oifigiúil mar chuid lárnach de na hiarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh lena chinntiú go n-úsáidfear an teanga i measc na nglún atá le teacht. Beidh aiféala orainn muna ndéanaimid ár dteanga náisiúnta a chaomhnú agus a chosaint.”
Ó toghadh chuig Parlaimint na hEorpa í i mí Iúil, tá iarracht dhaingean déanta ag Ní Mhurchú a cuid óráidí a thabhairt as Gaeilge.
Deineadh teanga chonartha den Ghaeilge nuair a ghlac Éire ballraíocht sa chomhphobal i 1973, rud a d’fhág nach raibh ach conarthaí an AE á gcur ar fáil i nGaeilge. Sa bhliain 2005, d’iarr Rialtas na hÉireann go ndéanfaí teanga oibre den Ghaeilge agus bronnadh an stádas seo uirthi ar an 1ú Eanáir 2007. Mar gheall ar an easpa aistritheoirí agus áiseanna teicneolaíochta Gaeilge ag an am, cuireadh maolú ar an stádas sin agus bhí líon na gcáipéisí a cuireadh ar fáil i nGaeilge teoranta. Bronnadh lánstádas ar an nGaeilge i 2022, ach ritheadh díolúine eile sa Pharlaimint – a chiallaíonn nach mbeidh seirbhís iomlán ateangaireachta ann don Ghaeilge roimh 2029.
Dar le Ní Mhurchú, tá sé tábhachtach do Rialtas na hÉireann go mbeidh an Ghaeilge ina teanga oibre iomlán in instiúidí an Aontais Eorpaigh agus tá an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán díograiseach i dtaobh deireadh a chur leis an maolú atá ag cur srian le húsáid na Gaeilge san Aontas Eorpach.
CRÍOCH



