An tseachtain seo, tabharfaidh Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, a haitheasc ar Staid an Aontais Eorpaigh, ina leagfaidh sí amach tosaíochtaí an Aontais don bhliain atá romhainn agus ina bhféachfaidh sí siar ar an mbliain atá imithe thart.
Ach ní tráth cinniúnach í seo don Aontas amháin.
Is tráth cinniúnach í don Ghaeilge freisin.
Tá an-áthas ar Cynthia Ní Mhurchú, Feisire Eorpach d’Éirinn Theas, a fháil amach go gcuirfear ateangaireacht ghníomhach Ghaeilge ar fáil den chéad uair ar aitheasc an Uachtaráin agus ar an díospóireacht ina dhiaidh sin.
Cé go ndéantar ateangaireacht go Béarla de ghnáth ar óráidí a thugtar i nGaeilge le linn seisiúin iomlánacha in Strasbourg, is i nGaeilge a chloisfear gach duine a labhraíonn Béarla an uair seo freisin.
I ráiteas, dúirt an Feisire Ní Mhurchú an méid seo a leanas:
Is céim eile é seo sa treo ceart. Cé go bhfuil maolú fós i bhfeidhm go dtí 2029, rud a chiallaíonn go bhfuil stádas tánaisteach ag an nGaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais, tá dlús á chur ag Uachtaránacht na hÉireann leis gcomhrá faoin nGaeilge. Tá Airí ag labhairt le daoine i nGaeilge sa Bhruiséil agus in Éirinn, tá imeachtaí á reáchtáil faoin nGaeilge agus trí Ghaeilge, agus tá níos mó de mo chomhfheisirí ag déanamh iarrachta í a labhairt.
Níos luaithe sa bhliain, chuir Ní Mhurchú fáilte mhór roimh an nuacht gur éirigh le ceathrar ateangairí Gaeilge nua i dtriail creidiúnaithe idirinstitiúideach.
Tá sí ina ceannródaí don Ghaeilge agus déanann sí gach iarracht í a úsáid nuair a bhíonn ateangaireacht ar fáil.
Tá súil ag an bhFeisire Eorpach d’Éirinn Theas go mbeidh níos mó imeachtaí le hateangaireacht ghníomhach ar an nGaeilge amach anseo, agus nach mbeidh an dul chun cinn seo teoranta do na míonna a bhfuil Uachtaránacht Chomhairle an AE ag Éirinn.
Idir an dá linn, spreagann Ní Mhurchú a comghleacaithe anseo sa Pharlaimint, chomh maith leis na hAirí atá ag stiúradh Uachtaránacht na hÉireann, leanúint ar aghaidh ag labhairt na Gaeilge ag cibé leibhéal is féidir leo.
Creideann sí go bhfuil sé seo ríthábhachtach chun bogadh ar aghaidh ón stádas tánaisteach atá ag an teanga faoi láthair.



