Cruinniú dearfach agus fiúntach ag Feisire Eorpacha ó Fhianna Fáil le Coimisinéir um Iascach agus Aigéin an Aontais Eorpaigh.

Dhearbhaigh an Coimisinéir, an tUasal Cóstas Kadís, go dtabharfaidh sé cuairt ar Éirinn i mí na Bealtaine 2025. Tiocfaidh sé go Corcaigh ar Lá Muirí na hEorpa, idir an 21-23 Bealtaine.

Tar éis an chruinnithe inniu idir an Coimisinéir Eorpach nua agus Feisirí Eorpacha de chuid Fianna Fáil, Cynthia Ní Mhurchú, Billy Kelleher agus Barry Cowen, dúirt Ní Mhurchú gur:

“Cruinniú thar a bheith dearfach, dáiríre a bhí againn inniu. Leagadh amach an iliomad údar imní atá ag cur isteach ar earnáil iascaireachta na hÉireann i dtaobh struchtúr agus feidhmiú reatha an Chomhbheartais Iascaigh.”

“Tá earnáil iascaireachta na hÉireann ríthábhachtach do phobail agus do gheilleagair áitiúla timpeall ár gcóstaí  – thiar, thuaidh agus ó dheas – go háirithe do phobail Ghaeltachta. Tá dúshláin shuntasacha rompu maidir lena dtodhchaí fhadtéarmach.”

Rinneadh cur síos iomlán ar na hábhair imní atá againn le fada maidir leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe. Bhí tionchar uafásach ag an gcomhaontú sin ar iascaireacht na hÉireann agus ní mór machnamh a dhéanamh san athbhreithniú ar conas is féidir feabhas a chur ar an trádáil idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach. Ní mór leithdháileadh cothrom cuótaí a thabhairt d’Éirinn.

Dúirt Ní Mhurchú :

“Ní mór dúinn gníomhaíocht phráinneach a fheiceáil maidir le sáruithe ar rialacháin agus ar chuótaí éisc ó bháid de chuid na hIorua. Bhí an Coimisinéir ar an eolas faoin gcás agus gheall sé go labhródh sé le hAire Iascaigh na hIorua agus lena n-Aire Gnóthaí Eachtracha.”

“D’iarramar ar an gCoimisinéir Kadis, Comhshocrú Aigéin a thabhairt chun cinn, ina dtabharfar léargas cuimsitheach ar na farraigí agus ar na haigéin, agus ina léireofar meas do ról na hiascaireachta go fadtéarmach. Ní mór luach an gheilleagair mhara a bheith ina dhlúthchuid de Chomhshocrú Aigéin an Aontais, tá sé sin-fíorthábhachtach.”

Gné eile dhearfach den gcomhrá ná go ndúirt an Coimisinéir go mbuailfeadh sé le hiascairí, le polaiteoirí agus le dreamanna eile nach iad atá bainteach le tionscal na hiascaireachta.

Cúis mhór áthais gur ghlac sé le cuireadh na bhFeisirí Éireannacha cuairt a thabhairt ar phobail chósta na hÉireann i mí na Bealtaine 2025.

“Maidir leis an tsaincheist a bhaineann le hathbhreithniú ar an gComhbheartas Iascaigh, ní mór dó a bheith cuimsitheach. Tá prionsabail an Chomhbheartais Iascaigh (CFP) fós ann ach tá na figiúirí agus an eolaíocht as dáta, agus ní mór iad a leasú chun an staid reatha a léiriú, go háirithe na patrúin imirce éisc in uiscí na hÉireann a athraíonn thar am.” a dúirt Ní Mhurchú.

Share:

Latest News

Share:

About Cynthia welcome to the website (1)
Stay in touch with our campaign by signing up to our newsletter below. Thank you for your support.
JOIN THE TEAM