Tá Cynthia Ní Mhurchú, Feisire Eorpach d’Éirinn Theas, ag tacú le hachainí faoin ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht a chuirfear faoi bhráid coiste achainíocha Pharlaimint na hEorpa. Is ball í an Feisire Ní Mhurchú de choiste achainíocha na Parlaiminte agus beidh an achainí ag teacht faoi bhráid an choiste sin ar an 15ú Bealtaine.
Tá Conradh na Gaeilge, Tinteán, Bánú agus an Mheitheal Náisiúnta Pleanála Teanga ag tacú leis an achainí, chomh maith leis na daoine aonair ón nGaeltacht a bhfuil a n-ainmneacha curtha leis an achainí.
Ceann de na dúshlán is mó roimh phobal na Gaeltachta faoi láthair ná an deacracht a bhaineann le cead pleanála a fháil chun tithíocht a thógáil ar thailte teaghlaigh. Dar le Ní Mhurchú, is bagairt í seo do phobail na Gaeltachta agus do thodhchaí na Gaeilge araon.
Deir Ní Mhurchú go bhfuil dualgas ar an gCoimisiún comhtháthú réigiúnach a chur chun cinn agus éagsúlacht chultúrtha a chaomhnú. Tá sí ag éileamh go n-oibreoidh an Coimisiún le Rialtas na hÉireann chun dul i ngleic leis an bhfadhb tithíochta sna ceantair seo, ar ceantair speisialta iad ó thaobh teanga agus cultúir de.
I measc na bhfadhbanna a phléifear ar an 15ú Bealtaine, tá an córas pleanála sriantach atá I bhfeidhm in Éirinn agus sa Ghaeltacht ach go háirithe. Táthar ag diúltú cead pleanála a thabhairt do chainteoirí líofa Gaeilge mar nach bhfuil riachtanais áitiúla acu, seachas a bheith ag caitheamh le cainteoirí dúchais Gaeilge mar a gcéanna leo siúd a bhfuil riachtanas áitiúil acu.
Cloisfidh coiste achainíocha na Parlaiminte gur dúshlán mór é an costas réadmhaoine sa Ghaeltacht agus faoin tionchar atá á imirt aige sin ar ár dteanga náisiúnta.
Deir Ní Mhurchú go bhfuil an Ghaeilge faoi chosaint bhunreachtúil in Éirinn:
“Deir Airteagal 8 de Bhunreacht e oareann gurb í an Ghaeilge an phríomhtheanga oifigiúil ós í an teanga náisiúnta í, agus go n-aithnítear an Béarla mar theanga oifigiúil eile. Caithfidh cainteoirí dúchais óga an Ghaeltacht a fhágáil mar gheall ar an ngéarchéim tithíochta. Baineann sé seo an bonn de spriocanna Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a aithníonn (in Airteagal 22) tábhacht na héagsúlachta cultúrtha agus teanga”
Aontaíonn Ní Mhurchú leis an éileamh atá san achainí go dtabharfar maoiniú Eorpach chun cur leis an soláthar tithíochta inacmhainne sa Ghaeltacht. Tá sí ag iarraidh ar Rialtas e oareann freisin plean cuimsitheach a chur I bhfeidhm a thabharfaidh aghaidh ar an bhfadhb pleanála agus teangeolaíochta sa Ghaeltacht. Tá sí ag éileamh in athuair go bhfoilseoidh an Rialtas na Treoirlínte Pleanála Gaeltachta – a bhfuiltear ag tnúth leo le fada – agus go gcuirfear na geallúintí I gclár an Rialtais faoi spriocanna tomhaiste do thithíocht Gaeltachta i bhfeidhm.
Tá Ní Mhurchú tar éis scríobh chuig an Aire James Browne agus chuig an Aire Dara Calleary ag ardú an chruacháis ina bhfuil pobal na Gaeltachta faoi láthair, agus faoin tionchar atá á imirt ag an ngéarchéim e oar an nGaeltacht.
CRÍOCH



