Ag troid ar son na Gaeilge: Deireadh le maorlathas an Aontais Eorpaigh

Leanann an streachailt ar son chomhionannas na Gaeilge i bParlaimint na hEorpa agus Cynthia Ní Mhurchú ag ullmhú ócáid dá cuid i mBaile Átha Cliath, atá dírithe ar léargas a thabhairt ar an ndrochchaoi a chaitear leis an nGaeilge sa Pharlaimint in ainneoin a stádais mar theanga oibre oifigiúil iomlán de chuid an Aontais Eorpaigh ó 2022 i leith!

Reáchtálfaidh FPE na hÉireann Theas, Cynthia Ní Mhurchú, cruinniú ardleibhéil Dé hAoine beag seo i ar cheist an chomhionannais don Ghaeilgei bParlaimint na hEorpa– san áit ina oibríonn sí.

Tagann an cruinniú sna ar na sála ar chuairt a thug oifigigh shinsearacha ó Pharlaimint na hEorpa an tseachtain seo, ar iarratas Uí Mhurchú, ar Choláiste na hOllscoile, Gaillimh. Bhuail oifigigh an AE le lucht acadúil den Chúrsa MA san Ateangaireacht is Chomhdhála, agus thug an toscaireacht ón Eoraip cuairt freisin ar oifig an Choimisinéara Teanga sa Spidéal agus ar Údarás na Gaeltachta i gConamara.  

Tá comhráití ar siúl idir Ní Mhurchú agus príomhoifigeach an Aontais, Juan Carlos Jiminéz Marín, Ard-Stiúrthóir na Stiúrthóireachta um Lóistíocht agus Ateangaireacht, ó toghadh í chun n aParlaiminte, chun iarracht a dhéanamh an maolú dlíthiúil (atá i bhfeidhm go dtí 2029) a chur ar ceal, rud atá ag cur bac faoi láthair aran nGaeilge a bheith ina teanga oibre iomlán i bParlaimint na hEorpa.

Deir Ní Mhurchú go bhfuil sí ag déanamh tréan iarracht maorlathas an AE a bhriseadh síos mar go bhfuil sé ag cur moill ar fhostú ateangairí Gaeilge sa Pharlaimint agus ag cur bac ar Fheisirí a labhraíonn Gaeilge, páirt a ghlacadh i nGaeilge ag leibhéal Choistí na  Parlaiminte. 

Cé gur bhain an Ghaeilge stádas iomlán mar theanga oifigiúil oibre amach san Eoraip i mí Eanáir 2022, ní féidir leis na Feisirí leas a bhaint fós as seirbhísí ateangaireachta ag gach leibhéal cruinnithe sa Pharlaimint. De réir mar atá cúrsaí faoi láthair, is ag seisiúin iomlánacha de Pharlaimint na hEorpa amháin (nuair a shuíonn sí in Strasbourg le haghaidh seisiúin vótála seachtaine), an t-aon uair gur féidir le Feisirí Éireannacha Gaeilge a labhairt, nuair a chuireann stát seirbhís na Parlaiminte  an seirbhís ateangaireachta iomlán, ar fáil don Ghaeilge – ach níl ansin ach uair amháin gach mí!

D’iarr Ní Mhurchú ar oifigigh agus Airí Rialtas na hÉireann brú breise a chur ar institiúidí an AE ateangairí Gaeilge a fhostú agus seirbhís iomlán ateangaireachta Gaeilge a thabhairt isteach sa Pharlaimint go buan – díreach cosúil le seirbhís na Gaeilge sna 

h-institiúidí eile ie. an Comhairle agus an Coimisiún. 

“Isdeis ar leith í Uachtaránacht na hÉireann ar an gComhairle Eorpach, chun an dímheas don Ghaeilge a réiteach.  Nílim sásta ar chor ar bith go bhfuil an Ghaeilge taobh thiar, agus caite ar leataobh, sa Pharlaimint Eorpach. Ní mór deireadh a chur leis an maolú reatha ar sheirbhís iomlán ateangaireachta don Ghaeilge  a ritheann go dtí 2029 ie. deireadh an tsainordaithe seo – agus ní mór gan síneadh a chur leis arís le vóta na Parlaiminte mar a tharla in 2024. Ní féidir linn ligean dona húdaráis,  síneadh eile a chur leis an maolú trí sainordú eile de chuid Pharlaimint na hEorpa. Ar iarratas uaimse, fillfidh oifigigh shinsearacha ó Pharlaimint na hEorpa ar Bhaile Átha Cliath i mí na Bealtaine chun bualadh le hoifigigh Rialtais agus polaiteoirí ó gach cearn den deighilt chun an cás a chur chun cinn chun deireadh a chur leis an maolú ar an nGaeilge in institiúidí an AE.” 

Deir Ní Mhurchú go mbaineann sé seo leis an dlí – agus leis an gceart dlíthiúil a bhronnadh ar Éirinn agus ar ár dteanga dhúchais, An Ghaeilge, agus caithfidh na 

h-institiúidí san an ceart sin a aithint a chosaint agus a chur i bhfeidhm –  cosúil leis an gcaoi measúil a chaitear leis an bhFraincis agus leis an nGearmáinis agus le gach teanga oifigiúil eile de chuid an Aontais Eorpaigh, a bhfuil seirbhís iomlán teanga acu.

Beidh an cheist i lár an aonaigh Dé hAoine ag ócáid, An Ghaeilge: Teanga Oibre in Éirinn agus San Eoraip – a dhéanfaidh iniúchadh ar ról athraitheach na Gaeilge mar theanga oibre in Éirinn agus ar fud na n-institiúidí Eorpacha. Tabharfaidh roinnt cainteoirí ardphróifíle atá ag obair i réimse na Gaeilge aghaidh ar an ócáid. 

GAOLMHARA: 

Nóta an Eagarthóra: 

Tugtar cuireadh do na meáin freastal ar An Ghaeilge: Teanga Oibre in Éirinn agus san Eoraip, – imeacht a dhéanfaidh iniúchadh ar ról athraitheach na Gaeilge mar theanga oibre in Éirinn agus ar fud na n-institiúidí Eorpacha, ag cur béime ar dheiseanna, cearta agus rannpháirtíocht ghníomhach.

Cainteoirí 

  • Cynthia Ní Mhurchú, Feisire Eorpach d’Éirinn Theas 
  • Dáithí Mac Cárthaigh, B.L. – Cleachtóir Gairmiúil agus Dlí na Gaeilge 
  • Róisín Ní Úrdail – An Chéad Aistritheoir Gaeilge i bParlaimint na hEorpa 
  • An Coimisinéir Pól Deeds – An Chéad Choimisinéir Teanga do Thuaisceart Éireann 
  • Elaine Dold – Speisialtóir Rannpháirtíochta Pobail 
  • John Prendergast – Conradh na Gaeilge – Oifigeach Abhcóideachta 

Cá háit?

  • EPLO (Oifig Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa) / Teach na hEorpa, 5 Stráid Balfe, Bleá Cliath 2 D02 E7K4 Éire 

Cén uair? 

  • 27ú Márta 2026 – 27 Márta 2026, 12.30 – 15.00

I

Share:

Latest News

Share:

About Cynthia welcome to the website (1)
Stay in touch with our campaign by signing up to our newsletter below. Thank you for your support.
JOIN THE TEAM